Imeachtaí.
📣 Pop-Up Gaeltacht 📣.
Cuirfear tús le himeachtaí na nGael Fhéile Bhóthar na gCloch i dtigh Hynes ag 20:00 an Déardaoin 18 Meitheamh. Bígí linn!
📣 Comórtas Buscála do Dhaoine Óga 📣
Beidh comórtas buscála ar siúl mar chuid d’imeachtaí Fhéile Bhóthar na gCloch ar Shráid an Mhainéir ar an Satharn an 20 Meitheamh. Fáilte roimh cheoltóirí, amhránaithe, rinceoirí agus rapálaithe a chuireann an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn. Beidh deis ag buaiteoirí an chomórtais taispeántas a dhéanamh ag ócáid dheireadh na féile ar an Domhnach. Tá 3 aoisghrúpa ann, faoi 12, 15 & 18. Uasmhéid 6 in aghaidh an ghrúpa agus tabharfar 20 nóiméad do chuile acht. Cláraigh tríd an nasc atá sa mbio, nó an cód QR faoin 18 Meitheamh, tuilleadh sonraí le teacht..
Duaiseanna maithe le buachan!
📣 Rang Ióga - Féile Bhóthar na gCloch 📣
Beidh rang ióga á reachtáil @fiharrington le linn Fhéile Bhóthar na gCloch ar an Domhnach an 21 Meitheamh. Rang saor in aisce a bheidh ann ach ní mór clárú trí théacs a sheoladh chuig Fiona ag 087-0671860. Tugaigí libh bhur gcuid mataí ióga & ligigí bhur scíth.🧘♀️
⏰ 10:00
📍Ionad Lae, Cúirt Eachroma.
Bígí linn do bhlaiseadh fíona as Gaeilge i bhFíon Eile. Nasc ticéad sa bio.
Taispeánfaidh ár sommeliérí iontach @sibealieee le cabhair ó @niallosiadhail 🍷scoth na bhfíonta ó thimpeall na cruinne daoibh nuair a bhailaíonn muid le cheile i lár Bhaile Phib! Míle buíochas lenar comhghleacaí i @fion_eile comhoibriú linn an t-imeacht seo a reáchtáil ⭐️
Tráth na gCeist i @hynes_bar_stoneybatter le @marthathevegan ⭐️ Dé Céadaoin 6ú Bealtaine 8:30i.n. ⭐️€5 an duine, ceathrar ar fhoireann, duaiseanna den céad scoth ✨✨✨
Táimid ar ais lenár gcéad imeacht Tae agus ‘Play’ teaghlaigh den bhliain an Satharn seo chugainn 7ú Márta. ❤️ Bhliain iomlán ó thosaíomar an t-imeacht álainn seo 🤗
There are no upcoming events at this time.